51±¾É«

Sceideal an Fhómhair 2024

  • Tá na cúrsaí seo dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta. Tá siad seo ar fáil do  chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile chomh maith leis an bpobal I gcoitinne.
  • Cuirfear tús leis na cúrsaí oíche Dé Máirt/Dé Céadaoin 1/2 Deireadh Fómhair 2024. Beidh siad ar siúl 18.30-20.30.
  • Beidh na cúrsaí ar siúl ar feadh 20 seachtaine, Meán Fómhair 2024 – Aibreán 2025 (40 uair a chloig).
  • An táille ná €350 (20 seachtaine). Cuirfear eolas chugat maidir leis na roghanna iocaíochta nuair a bheidh d'fhoirm faighte ag oifig an Aonaid. Beidh na cúrsaí ar siúl ag brath ar éileamh.
  • An ráta do chairde léinn Ollscoil Luimnigh/Coláiste Mhuire gan Smál ná €180 (20 seachtaine). Tá an ráta seo ar fáil do na catagóirí seo a leanas chomh maith ach an cruthúnas a sholáthar: Teifigh / Cuardaitheoirí poist / Daoine faoi mhíchumas / Pinsinéirí (65+).
  • Tá an fhoirm iarratais ar fáil
  • Tá taithí mhaith ag teagascóirí Aonad na Gaeilge ar a bheith ag plé le foghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Dírítear ar straitéisí foghlama teanga go minic sna ranganna: straitéisí chun déileáil leis an mbrú a bhaineann le hearráidí teanga a dhéanamh: le deacrachtaí soiléireachta; leis an léamh amach os ard; le húsáid na Gaeilge sa phobal; agus mar sin de.  Moltar d’fhoghlaimeoirí machnamh leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus leagtar an bhéim i gcónaí ar an bhféinmhisniú. 

Oiriúnach dóibh siúd nach ndearna siad staidéar ar an nGaeilge ar scoil nó iad siúd a rugadh lasmuigh d'Éirinn. Téamaí san áireamh ná beannachtaí/ag bualadh le daoine, cúlra agus áit chónaithe, caitheamh aimsire.

°Õú²õ»å³óá³Ù²¹: Dé Máirt 8 Deireadh Fómhair 2024 spásanna ar fáil

Am: 18.30-20.30

Bheadh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a raibh caighdeán measartha maith Gaeilge acu ar scoil ach a bhfuil as cleachtadh. Cuirfear an bhéim ar mhuinín na bhfoghlaimeoirí maidir le labhairt na teanga chomh maith lena scileanna éisteachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá rogha am lóin ar fáil do chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile - cuir ríomhphost chuig ciara.considine@ul.ie chun a thuilleadh eolais a fháil faoin rogha sin.

°Õú²õ»å³óá³Ù²¹: Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair 2024 spásanna ar fáil

Am: 18.30-20.30

Bheadh an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith nó an-mhaith acu ar an teanga agus atá ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i ndáil lena scileanna labhartha agus scríofa i gcomhthéacsanna pearsanta agus gairmiúla araon. Pléann ábhar an chúrsa seo le réimse leathan topaicí plé de chuid saol agus cultúr na Gaeilge mar aon le saintéamaí gramadaí. Is minic go bhfuil foghlaimeoirí ar an gcúrsa seo i ndiaidh cáilíocht foirmiúil a bhaint amach sa teanga, bíodh sé sin i dtéarmaí Teastas Eorpach na Gaeilge (e.g. B1) nó i réimse acadúil (e.g. Dioplóma , BA, BOid, nó MA), agus/nó teagmháil rialta acu leis an teanga ina gcuid oibre nó saol pearsanta.

°Õú²õ»å³óá³Ù²¹: Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair 2024

Am: 18.30-20.30

View Site in English

Email: aonad.nagaeilge@ul.ie¹óó²Ô:&²Ô²ú²õ±è;+353-61-234754